Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 ¶ Marsin thaínic sé chum an rígh. Agus a dubhairt an rígh ris, A Mhicaiah, an racham a naghaidh Rámot‐ghílead do chathughadh, nó an léigfeam dhi? Agus do fhreagair sesion é, Imthigh, agus beir buáidh: óir do bhéara an TIGHEARNA í a láimh an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:15
11 Tagairtí Cros  

Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b'fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.”


Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais go Rámot Gileád,” ar siad, “agus treise ort! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”


Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”


...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.


Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”


Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.”


Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.


Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.


Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí