Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna,” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do rinne Sedeciah mac Chenaanah adharca íaruinn dó feín: agus a dubhairt, Is marso a deir an TIGHEARNA, Leó so chnagfus tú na Sírianuígh, nó go sgriosfa tú íad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:11
20 Tagairtí Cros  

Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais go Rámot Gileád,” ar siad, “agus treise ort! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”


Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;


leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ‘Gheobhaidh sibh síocháin’, agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”


“Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’


Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.


Dúirt an Tiarna é seo liomsa: “Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.


“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m'ainmse: ‘Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl.


De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”


Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”


Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir. Adharca daimh allta a adharca agus leosan sánn sé na pobail go léir go himill an domhain. Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim, is mar sin le mílte Mhanaise.


Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí