Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 21:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 “Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Eirigh, imthigh síos do theagmháil re Ahab rígh Israel, noch atá a Samaria: féuch, atá sé a bhfíneamhuin Nábot, mar a ndeachaidh sé síos do ghlacadh seilbhe innte.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 21:18
6 Tagairtí Cros  

Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé: “Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin, fear saibhir agus fear bocht.


Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n‑ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.”


Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche.


Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.


Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch:


Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. “Ba mhac le Iahóiseáfát é,” ar siad, “a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.” Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí