Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 20:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 Ar ordú an Tiarna dúirt duine de bhráithreas na bhfáithe le compánach dá chuid: “Buail mé!” ach dhiúltaigh an fear é a bhualadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 ¶ Agus a dubhairt duine áirigh do chloinn na bhfáigh ré na chomharsuinn a mbreithir an TIGHEARNA, Guidhim thú, buáil misi. Agus do dhiult an duine a bhúaladh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 20:35
15 Tagairtí Cros  

Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.


Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”


Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: “Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.”


Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.


Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.


Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;


Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.


Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis:


Agus dúirt duine ón áit: “Agus cér díobh iad?” Uaidh sin a tháinig an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí