Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 20:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Uime sin do chuir Ben‐hadad fios chuige, agus a dubhairt, Go ndéarnuid na deé sin riomsa, agus nios mó fós, má líonann luáithreadh Shamária lán duirn do gach duine da bhfuil am fhochairse.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 20:10
15 Tagairtí Cros  

chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”


Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!


D'fhreagair sé teachtairí Bein Hadad mar leanas dá bhrí sin: “Abraigí le mo thiarna an rí: ‘Gach ar iarr sibh ar do shearbhónta ar dtús, déanfaidh mé; ach é seo eile, ní féidir dom a dhéanamh.’ ” Agus d'imigh na teachtairí ar ais leis an bhfreagra.


Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt d'eachra agus do charbaid?


“Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,” ar sé, “má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!”


Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.


Tabhair an t‑ainm seo ar Fhorann: Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain!


Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!


Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu.


Thionóil Bárác Zabúlun agus Naftáilí go Ceidis; lean deich míle fear ar a shála agus gabh Deabórá ina theannta.


Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí