1 Ríthe 20:1 - An Bíobla Naofa 19811 Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus do chruinnigh Ben‐hadad rígh na Síria a shlúagh a cceann a chéile: agus dhá rígh agus trióchad na fhochair, agus eich, agus carbuid: agus do chúaidh súas agus do shuighidh sé timchioll Shamária, agus do throid na haghaidh. Féach an chaibidil |
Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d'ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d'ardaigh Eilíseá ó mhairbh.”
Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille.