Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 19:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Agus tháinic sé annsin go húamhuigh, agus do rinne sé comhnuidhe ann; agus, féuch, tháinic bríathar an TIGHEARNA chuige, agus a dubhairt ris, Cred atá tú dhéanamh annso, a Elias?

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 19:9
9 Tagairtí Cros  

“A Hágár, a ionailt Sháraí,” ar sé, “cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?” “Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,” ar sí.


Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.


Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”


Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt, a ól uisce na Níle? Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír, a ól uisce na hAbhann?


go bhfágfaidh mé mo phobal, go n‑imeoidh mé i bhfad uathu! Óir is adhaltranaigh iad uile, agus buíon daoine fealltacha.


D'imigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; d'fhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair.


Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus d'imigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí