Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 19:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phog é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Achd cheana dfág misi agum féin seachd míle ann Israel, na glúine uile nar shléacht do Bhaal, agus gach uile bhéul nar phóg é.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 19:18
11 Tagairtí Cros  

Ar mealladh mo chroí os íseal Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo?


Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.


Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!


i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí