1 Ríthe 19:14 - An Bíobla Naofa 198114 D'fhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus a dubhairt seision, Do bhí mé ro éudmhar ar son an TIGHEARNA Día na slógh: do bhrígh gur thréigedar clann Israel do chunradh, gur theilgeadar sios haltóra, agus gur mharbhadar thfáighe leis an ccloidheamh; agus misi, misi amháin, ar fágbhadh; agus atáid ag íarruidh manma do bhuáin asum. Féach an chaibidil |
Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.