Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 18:37 - An Bíobla Naofa 1981

37 Freagair mé, a Thiarna, freagair mé, ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal seo gur tusa, a Thiarna, is Dia agus go bhfuil tú ag iompó a gcroí ar ais chugat!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Eisd riom, a THIGHEARNA, éisd riom, chor go naitheonuid an pobalsa gur tú an TIGHEARNA Día, agus gur iompóigh tú a ccroidhthe ar a nais a rís.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 18:37
22 Tagairtí Cros  

Agus fágadh Iacób ina aonar; agus bhí fear ag iomrascáil leis go breacadh an lae.


“Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”


“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,


Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.” D'fhreagair an pobal go léir: “Tá go maith.”


Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.


Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse.


Ansin thit tine an Tiarna agus loisc sé an íobairt uileloiscthe agus an connadh agus ligh sí suas an t‑uisce sa díog.


Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”


Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”


Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh.


Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa, gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.


deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.


Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí