Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 18:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d'uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus do thóg Elias dhá chloich dhéug, do reír uibhre threabh mhac Iacob, chum a ttáinic bríathar an TIGHEARNA, gha rádh, Israel bhus ainm dhuit:

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 18:31
17 Tagairtí Cros  

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.


Thóg sé altóir ansiúd ar ar thug sé “Éil, Dia Iosrael”.


Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.


Leanann siad na seanghnásanna fós inniu. Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.


Do choisreacan Theampaill seo Dé d'ofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael.


Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.


Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.


“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”


“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.


Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.


Ansin dúirt sé le clann Iosrael: “Nuair a chuirfidh bhur gclann ceist ar a n‑aithreacha sna laethanta le teacht: ‘Cén chiall atá leis na clocha seo?’


Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí