1 Ríthe 18:12 - An Bíobla Naofa 198112 A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Agus tiucfaidh a ccrích, ar ball a nimtheochuidh misi uáitse, go mbéaruidh Spiorad an TIGHEARNA thusa leis, ní fheadar cá hionad; agus annsin a núair thiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus nach bhfuighe sé thusa, go muirfidh sé mé; achd misi do shearbhfhoghantuigh atá eagla an TIGHEARNA orum óm óige. Féach an chaibidil |
“Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,” ar siad leis; “lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b'fhéidir gurb amhlaidh a d'ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.” Ach dúirt sé: “Ná cuirigí aon duine uaibh.”