Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 17:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Eirigh, imthigh romhad go Sarephat, noch is le Sidon, agus déan comhnuigh annsin: féuch, do aithin misi do bhaintreabhuigh annsin do chongmháil súas.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 17:9
11 Tagairtí Cros  

Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.”


Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”


Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:


D'amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D'ith sé agus d'ól sé agus ansin luigh sé síos arís.


Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib.


agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine.


Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d'fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.


Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad slua farat le go dtabharfainn Midián faoina láimh, le heagla go maífeadh Iosrael astu féin i m'aghaidh, á rá: ‘Neart mo láimhe féin a d'fhuascail mé.’


Dúirt an Tiarna le Gideón: “Tá an iomad fear agat fós. Tabhair go himeall an uisce iad agus déanfaidh mé iad a chur ar a dtriail ansiúd duit. Má deirim faoi dhuine: ‘Tá sé seo le dul i do theannta,’ téadh an té sin i do theannta. Agus má deirim faoi dhuine: ‘Níl sé siúd le dul i do theannta,’ ná téadh an té sin i do theannta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí