Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 17:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Oír marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Ní caithfighear bairille na mine, agus ní theisdeochuidh do chrúisgín na hola, go ttí an lá fá ccuirfidh an TIGHEARNA fearthuinn ar an ttalumh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 17:14
11 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.


D'imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d'ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.


Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”


agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’


Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’ ”


D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.


tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí