Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 14:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: D'ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus imthigh, innis do Ieroboam, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Do bhrígh gur thóg misi thú as an bpobalsa, agus go ndéarna mé prionsa dhiot ós cionn mo phobail Israel.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 14:7
11 Tagairtí Cros  

Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é.


Stoithfidh mé an ríocht as láimh a mhic, áfach, agus tabharfaidh mé duitse í, deich dtreibh.


Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael.


Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)


Ar an gcaoi sin rinneadh teaghlach coiriúil de theaghlach Iarobám i dtreo gur scriosadh ar fad é de chlár na talún.


Nuair a chuala Aichíá a coiscéim ag an doras, dúirt sé: “Tar isteach, a bhean Iarobám; cén fáth a ligean ort gur duine éigin eile thú? Tá drochscéal agam duit:


“D'ardaigh mé as an deannach thú agus chuir mé thú mar cheannaire ar mo phobal Iosrael, ach lean tú sampla Iarobám agus threoraigh tú mo phobal Iosrael chun peacaí a dhéanamh a ghriogann mé chun feirge.


Thug mé rí duit le teann feirge, ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.


Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.” “Abair leat,” ar seisean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí