Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 13:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Mar sin do chuáidh sé ar a ais leis, agus duáigh sé arán ann a thigh, agus do ibh sé uisge.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 13:19
10 Tagairtí Cros  

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.


D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.


Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é,


mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”


D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.


“Má éiríonn fáidh nó aislingeoir aislingí in bhur measc agus go dtairgeann sé comhartha nó iontas a dhéanamh duit,


ná héist le briathra an fháidh sin ná le haislingeoir na n‑aislingí sin; do bhur bpromhadh atá an Tiarna bhur nDia féachaint an ngránn sibh an Tiarna bhur nDia ó bhur gcroí go hiomlán agus ó bhur n‑anam go hiomlán.


Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.


Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí