Gníomhartha 11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XI. Peadar ghá thaisbeáint go raibh an ceart aige ’á dhéanamh nuair a bhí sé ag glacadh na ngeinte isteach sa n-Eaglais. Iompódh a lán i n-Antioch. 1 Agus d’airigh na h-Aspoil agus na bráithre a bhí i n-Iúdaéa gur ghlac na geinte, leis, briathar Dé. 2 Ansan nuair a chuaidh Peadar suas go Ierúsalem bhí lucht an tímpallghearrtha ag aighneas leis, 3 Agus deiridís: Cad chuige dhuit dul ameasg daoine gan tímpallghearradh ortha agus bia chaitheamh ’n-a bhfochair? 4 Agus thusnuigh Peadar agus d’innis sé an sgéal dóibh tríd síos, mar seo 5 Bhíos i gcathair Ioppé ag déanamh urnuighthe agus tháinig támhnéal orm agus chonnac aisling, árthach mar bheadh bairlín mhór d’á leigint anuas as na flathais le n-a cheithre cúinníbh, agus tháinig an bhairlín am’ aice. 6 Agus d’fhéachas isteach inti ’ghá bhreithniú agus chonnac ainimhighthe cheithre gcos an domhain agus beithidhigh agus piastaí agus éanlaithe an aéir. 7 Ansan d’airígheas guth ’ghá rádh liom: Eirigh, a Pheadair, mairbh agus ith! 8 Agus dubhart: Ní dhéanfad, a Thighearna, óir níor chuaidh bia coitchian ná bhia neamhghlan am béalsa riamh fós. 9 Agus d’fhreagair an guth as na flathais an tarna h-uair: An nídh a ghlan Dia, ná tabhairse coitchian air! 10 Do deineadh an méid sin trí h-uaire as a chéile agus ansan do tógadh na neithe go léir suas ins na flathais airís. 11 Agus le n-a linn sin siúd ag an dtigh ’na rabhas triúr fear a cuireadh ag triall orm a’ Caesaréa. 12 Agus dubhairt an Spioraid Naomh liom dul leó gan cheist orm. Agus chuaid an seisear bráthar so le m’chois, agus chuamair isteach i dtigh an fhir. 13 Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a chonnaic sé, ’n-a thigh féin, aingeal ’n-a sheasamh, agus go ndubhairt an t-aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Shímón ar a dtugtar Peadar, 14 Agus labharfaidh sé leat cainnt a shaorfaidh thu féin agus do theaghlach go léir. 15 Ansan nuair a thurnuigheas ar chainnt do thúirling an Spioraid Naomh ortha fé mar a thúirling sé orainne i dtusach. 16 Agus chuimhnigheas ar fhocal an Tighearna, mar adubhairt sé: Dhein Eóin baiste le h-uisge ach baistfar sibhse leis an Spioraid Naomh. 17 Dá bhrígh sin, ma thug Dia dhóibhsin an grásta céadna a thug-sé dhúinne nuair a chreideamair sa Tighearna Íosa Críost; cia’r bh’é mise go bhféadfainn cosg a chur le Dia? 18 Nuair airighdar an méid sin d’éisteadar, agus thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna geintibh féin 19 Agus na daoine úd a sgaipeadh mar gheall ar an dtrioblóid i dtaobh Stiophain do siubhladar chómh fada le Phoenicé agus le Cuprus agus le h-Antioch, gan an focal do labhairt le h-aoinne ach le Iúdaígh amháin. 20 Ach bhí cuid acu agus Cupriánaigh ab eadh iad agus Curénéacha, agus nuair a chuadar isteach i n-Antioch bhídís ag cainnt leis na Gréagaigh féin ag tabhairt eóluis ar an dTighearna Íosa dóibh. 21 Agus bhí lámh Dé leó agus do h-iompuigheadh cuid mhór daoine chun creidimh an Tighearna. 22 Ansan do tháinig tuairisg na neithe sin chun a gcluas do lucht na h-eagailse a bhí i n-Ierúsalem agus chuireadar Barnabas go h-Antioch. 23 Thainig sé agus chonnaic sé an grásta ó Dhia agus bhí áthas mór air agus thug sé cómhairle do sna daoine go léir bheith seasamhach ’n-a gcroidhe agus leanmhaint do’n Tighearna. 24 Óir fear fóghanta b’eadh é a bhí lán de’n Spioraid Naomh, agus de chreideamh. Agus do tugadh cuid mhór daoine chun an Tighearna. 25 Ansan do chuaidh Barnabas go Tarsus ag lorg Saul agus nuair a fuair sé é thugh sé leis go h-Antioch é. 26 Agus thugadar bliain iomlán i gcómhluadar na h-eagailse ann, agus dheineadar pobhal mór do theagasg, i dtreó gur i n-Antioch a tugadh ar dtúis Críostaidhthe ar na deisgiobuil. 27 Agus ins na laethibh sin do tháinig fáidhí ó Ierúsalem go h-Antioch. 28 Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gorta mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Claudius. 29 Agus do bheartuigh na deisgiobuil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair a chur ag triall ar na bráithre a bhí ’n-a gcómhnuighe i nIúdaéa. 30 Agus dheineadar san. Chuireádar an chabhair chun na seanóirí le Barnabas agus le Saul. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society