Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eizicéil 15 - An Bíobla Naofa 1981


Parabal na Fíniúna

1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2 “A mhic an duine conas a sháraíonn adhmad na fíniúna aon adhmad eile ó chraobh crainn san fhoraois?

3 An mbaintear a hadhmad le haon rud a dhéanamh as? An mbaintear bacán as le soitheach a chrochadh air?

4 Féach ansin é! á chaitheamh ar an tine mar chonnadh. Dónn an tine dhá cheann; deargann an lár ina aibhleog; An bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh?

5 Nuair a bhí sé iomlán ní raibh aon mhaith ann le haon rud a dhéanamh as; anois agus é dóite gualaithe nach lú fós an mhaith atá ann?

6 “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dála adhmad na fíniúna i measc crainn na foraoise a thug mé don tine mar chonnadh, mar sin a chaithfidh mé áitritheoirí Iarúsailéim uaim.

7 Iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne,

8 agus nuair a bhánóidh mé an talamh in éiric a mídhílseachta - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí