Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 15:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “A mhic an duine conas a sháraíonn adhmad na fíniúna aon adhmad eile ó chraobh crainn san fhoraois?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A mhic an duine, Cred é an crann fíneamhna tar chrann ar bith oile, beangán dá bhfuil a measc chrann na foraóisi?

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 15:2
20 Tagairtí Cros  

figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.


Beirigí ar na sionnaigh, na sionnaigh bheaga dúinn, do mhill an fíonghort, ár bhfíonghort faoi bhláth.


Chuas síos i ngort na gcnónna, go bhfeicfinn fás an ghleanna go bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt, nó an gránúll ag borradh.


Tar liom, a ghrá, amach ar na bánta. Codlóimid i measc bláthanna coifir.


A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!


Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe?


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


An mbaintear a hadhmad le haon rud a dhéanamh as? An mbaintear bacán as le soitheach a chrochadh air?


Ach réabadh as a fréamh í, teilgeadh ar lár í le fearg; seargadh a toradh ag an ngaoth anoir, chríon an ghéag láidir, dhóigh an tine í go léir.


Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.


Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.


Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí