Agus nuair do bhí sé imthighthe amach sa bpóirse, do chonnaic cailín eile é, agus adubhairt sí leo‐san do bhí ann, Do bhí an fear so, leis, i bhfochair Íosa Nasardha.
Matha 26:72 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do shéan seisean arís é ag tabhairt na mionn, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus shéan sé arís le mionna: Ní fhuil aithne agam ar an fhear. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do shéan sé a rís maille ré mionnaibh, Ní haithne dhamh an duinesin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do shéan seisean airís agus do dhearbhuigh sé: Ní’l aon aithne agam ar an nduine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” An Bíobla Naofa 1981 Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” |
Agus nuair do bhí sé imthighthe amach sa bpóirse, do chonnaic cailín eile é, agus adubhairt sí leo‐san do bhí ann, Do bhí an fear so, leis, i bhfochair Íosa Nasardha.
Agus tar éis scathaimh bhig tháinig siad‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, agus adubhradar le Peadar, Go dearbhtha is duine dhíobh súd thusa; óir scéitheann blas do chainnte ort.
Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach.
Agus adubhairt seisean, Adeirim leat, a Pheadair, nach nglaodhfaidh an coileach indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aithne do bheith agat orm.