Matha 12:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ins an am sin do chuaidh Íosa tré ghortaibh cruithneachtan, lá na sabóide; agus do bhí ocras ar a dheisceablaibh, agus do thosnuigheadar ar na diasaibh do stothadh, agus d’ithe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é an t‑am sin a shiúil Íosa ar an tslí trí chuibhrinn na cruithneachta lá na sabóide; bhí an t‑ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ar stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara San am sin chuaidh Íosa fríd na guirt arbhair ar an tsabóid: agus mar go raibh ocras ar a dheisciobail, thoisigh siad a phiocadh na ndias, agus á n-ithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúaidh Iósa fá námsin an sá tsáoire third na gortaibh; agus do bhí ocras air a dheisgiobluibh, agus do thionnsgnadar déasach do bhúain, agus a nithe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sa n-am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d’ithe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus dá n-ithe. An Bíobla Naofa 1981 San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. |