Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 21:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus dúirt sé leo, “Siúlaigí isteach sa bhaile beag os bhur gcomhair, agus ní fada go dtiocfaidh sibh ar asal ceangailte ann, agus searrach léi; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ag rádh leo: Téighigidh isteach san bhaile sin atá thall ós bhur gcómhair, agus ar an bhomaite gheobhaidh sibh asal ceangailte agus searrach ina teannta: scaoiligidh agus tabhairigidh chugam iad.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Téighidh isteach sa mbaile beag úd thall os bhúr gcómhair, agus ar an láthair do‐gheobhaidh sibh láir asail ceangailte ann, agus searrach i n‐éinfheacht léi: scaoilidh iad, agus tabhraidh libh chugam iad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

Féach an chaibidil



Matha 21:2
8 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul,


Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach.


Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa.