Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é.
Matha 14:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ó fuair sise a h-órdughadh roimh ré ó n-a máthair, dubhairt sí: Tabhair damh annseo ar méis ceann Eoin Baiste. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sise ar impidhe a máthar, Tabhair dhom annso ar mhéis ceann Eoin Bhaiste. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” An Bíobla Naofa 1981 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” |
Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é.
Mar gheall air sin do dhearbhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarrfadh sí air.
Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é tabhairt di.
Agus chuaidh sise amach, agus dubhairt sí le n-a máthair: Cad a dh’iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste.
Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láithreach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste.
Agus do bhain sé an ceann de sa phríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do’n chailín é, agus thug an cailín d’á máthair é.