Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana.
Lúcás 21:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) beidh creathanna móra talaimh ann agus gortaí agus plánna in áiteanna éagsúla; agus beidh uafáis agus comharthaí móra ó neamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus béidh creatha móra talaimh i n-áiteacha, agus pláigheanna agus gorta agus uathbháis ó neamh agus béidh cómharthaí móra ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus béidh creatha móra talmhan, agus gortaí agus pláigheanna ’n‐a lán áiteann; agus béidh neithe uathbhásacha ann, agus cómharthaí móra ó’n spéir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus béid creatha móra talmhan a mórán dáitibh, agus gorta, agus plágha; agus neithe uathbhásacha agus comharthuighe móra ó neamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. An Bíobla Naofa 1981 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. |
Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana.
Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta,
Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se.