Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, agus beidh luasgacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na buartha iad san.
Lúcás 21:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a dúirt sé leo ansin, “Éireoidh cine in éadan cine, agus ríocht in aghaidh ríochta; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin dubhairt sé leo: Éireochaidh cineadh i n-aghaidh cinidh agus ríoghacht i n-aghaidh ríoghachta, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt sé leo, Éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt sé ríu an tansin, Eireochaidh cineadh a naghuidh cinidh, agus rioghachd a naghaidh rioghachda: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. |
Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta, agus beidh luasgacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na buartha iad san.
Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra.
Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná biodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós.
Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gorta mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Claudius.