Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 14:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ach nuair a gheobhair an cuireadh suidh sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-é a thug cuireadh dhuit, go ndéarfaidh sé leat: A chara, eirigh níos sia suas. Ansan beidh onóir ag dul duit ó’n gcuideachtain.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach nuair a fhaigheann tú cuireadh, gabh agus suigh san áit is ísle, ar shlí go ndeire fear an tí leat nuair a thiocfaidh sé, ‘A chara liom, tar aníos in airde;’ agus ar an nós sin beidh meas ort ag a bhfuil ina suí ag bord leat.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht nuair a gheobhas tú cuireadh, téigh, agus suidh san áit is ísle: ionnas, nuair a thiocfas an té a thug cuireadh duit, go n-abraidh sé leat: A charaid, gabh suas giota eile. Annsin béidh glóir agat i láthair a mbíonn ag an tábla leat.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht nuair do‐gheobhaidh tú cuireadh, téigh agus suidh san áit is ísle; ar mhodh, nuair thiocfas an té thug an cuireadh dhuit, go n‐abróchaidh sé leat, A chara, téigh níos sia suas: annsin béidh onóir le fágháil agat i bhfiadhnaise a a mbéidh ’n‐a suidhe chum bidh i n‐éinfheacht leat.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd an tan ghoirfidhthear thú, imthigh agus suidh ann sá nionad is ísle; ionnus an tan thiocfas an tí thug cuireadh ó dhuit, go naibeóradh sé riot, A chara, suidh ní áirde suás ná sin: Ann sin do gheabha tú onóir a bhfiadhnuisi a mbiá na suidhe maile riot.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gábh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair cách a bhíonn ag bord leat.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.

Féach an chaibidil



Lúcás 14:10
5 Tagairtí Cros