Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 11:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nuair a bíonn fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síothcháin ar gach nídh ’n-a sheilbh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a bhíonn tréanfhear faoi iomlán arm ag coimeád a pháláis féin, bíonn a mhaoin go socair sámh;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Nuair a chongbhuigheas fear láidir armtha a chúirt, bhíonn a bhfuil ina sheilbh fá shíothcháin.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábháilte.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta.

Féach an chaibidil



Lúcás 11:21
5 Tagairtí Cros  

Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgartálfaidh sé a thigh.


Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal an dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil.


Agus má’s le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg.


Ach má thagann fear is treise ’na é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid.