Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 7:22 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ann sin do chuir Iosua teachda úadh, agus do ritheadar gus an lóistín; agus, féach, do bhí sin a bhfolach iona lóistín, agus an tairgiod faoi.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Iósua teachtairí uaidh agus ritheadar seo chun na botha. Bhí an fhallaing i bhfolach sa bhoth agus an t‑airgead thíos fúithi.

Féach an chaibidil



Iósua 7:22
3 Tagairtí Cros  

Uimesin is amhluidh bhías, a nuáir bhearus do THIGHEARNA Día suáimhnios duit ód naimhdibh uile fa gcuáirt ad thimchioll, ansa dúithche do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd da sealbhúghadh, go ccuirfe tú amach cuimhne Amalec ó bheith faói neamh; agus ní dhearmoda tú é.


A nuáir do chonnairc mé a measc na néadálach culaidh bhréaghdha Bhabilónta, agus da chéad secel airgid, agus barra óir, do chomhthrom cháogad secel, ann sin do shantuigh mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féach, atáid a bhfolach ansa talumh a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.


Agus do thógbhadar amach íad as lár an lóistín, agus tugadar go Iosua íad, agus go cloinn Israel uile, agus do leagadar amach íad as coinne an TIGHEARNA.