Rug si mar an ccéadna Saaph athair Mhadmannah, Sébha athair Mhachbenah, agus athair Ghibeá: agus do bí inghean Chaleb, Achsah.
Iósua 15:16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus a dúbhairt Cáleb, An té bhuailfios Círiat‐sepher, agus ghéabhus í, is do bhéara mé Achsah minghion na mnaói. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Cálaeb ansin: “Tabharfaidh mé m'iníon Acsá mar bhean don té a chloífidh agus a ghabhfaidh Ciriat Saefar.” |
Rug si mar an ccéadna Saaph athair Mhadmannah, Sébha athair Mhachbenah, agus athair Ghibeá: agus do bí inghean Chaleb, Achsah.
Agus do chuáidh sé súas as sin go dúthchusaibh Debir: agus dob é ainm Debir roimhe sin Ciriat‐sepher.
Agus do ghabh Otniel mhac Cenas, dearbhrathair Cháleb í: agus thug sé Achsah a inghean na mnaói dhó.
Ach do théith Adonibésec; agus do leanadar é, agus rugadar air, agus do ghearradar ordóga a lámh agus a chos de.
Agus a dubhradar muinntir Israel, An bhfacabhair an té so tháinic suas? go deimhin is do thabhairt masla Disrael tháinic sé súas: agus is amhluidh bhiás, gidh bé duine mhuirfios é, go ndéana an rígh saidhbhir é le hiomad máoine, agus go ttiubhra a inghean dó, agus go ndéana tigh a athar sáor a Nisrael.