Ach ní chorróchuidh madradh a theangadh a naghuidh éanduine do chloinn Israel, a naghuidh duine nó beathuigh: ar chor go mbía a fhios aguibh cionnus chuírios Día idirdhealadh idir na Hégiptibh agus Israel.
Iósua 10:21 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhilleadar an pobal uile don champa go Iosua a Macedah a síothcháin: níor chorruidh éanduine a naghaidh áoin do chloinn Israel. An Bíobla Naofa 1981 D'fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael. |
Ach ní chorróchuidh madradh a theangadh a naghuidh éanduine do chloinn Israel, a naghuidh duine nó beathuigh: ar chor go mbía a fhios aguibh cionnus chuírios Día idirdhealadh idir na Hégiptibh agus Israel.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Cía a naghaidh a ndéantaoi bhur macnus? cía a naghaidh a ndéantaoi béul fairsing, agus a ttairngthí an teanga amach? nach clann an tsárruighthe sibh, síol na mbréag,
Agus tárla, a núair do chriochnuigh Iosua agus clann Israel a marbhadh lé hár ro mhór, nó gur sgriosadh íad, go ndeachadar an mhéid do mhair díobh a steach a gcaithreachaibh daingne.
¶ Annsin a dubhairt Iosua, Oscluigh béul na húamha, agus tabhair chúgam amach na cúig righthe sin as a núamhaigh.