Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Seanfhocal 8:8 - An Bíobla Naofa 1981

Is ceart iad briathra uile mo bhéil, níl cor ná cam iontu.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Atáid bríathra mo bhéil uile a bhfíreantacht; ní bhfuil aóinní cam nó urchóideach ionta.

Féach an chaibidil



Seanfhocal 8:8
10 Tagairtí Cros  

“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”


Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.


Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.


Aitheanta córa a thugaim daoibh agus ná tréigigí mo theagasc.


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Mionnaim dar mé féin; is í an fhírinne a thagann as mo bhéal, geallúint nach bhfuil dul siar uirthi: ‘Os mo chomhairse cromfar gach glúin, dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.’


Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!


D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”


Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim; ál fealltach cam iad.


agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne