Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh, agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.
Seanfhocal 7:12 - An Bíobla Naofa 1981 Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh, agus ag gach cúinne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois bí sí amuich, anois annsna sráidibh, luighidh sí a bhforaire ann gach aonchlúid.) |
Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh, agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.
Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne, agus ag gabháil an chosáin chun a tí,
Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
Nach maith is eol duit an tslí ar lorg grá! Go deimhin shiúil tú chomh eolach sin i slí na gciontach,
Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa! Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigipt díreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.
Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.
ag tógáil d'ardáin ag ceann gach sráide agus d'ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead.
Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.
óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.”