Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”
Seanfhocal 6:3 - An Bíobla Naofa 1981 Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan: téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Déan so anois, a mhic, agus sáor thú féin, a nuáir thiocfas tú a láimh do charad; éirigh, úmhluigh thú féin, agus marsin buáidheocha tú ar do charuid. |
Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”
Thionól Rachabám agus ceannairí Iúdá láimh le Iarúsailéim nuair a bhí Síseac ag bagairt, agus tháinig an fáidh Seamaiá chucu agus dúirt sé leo: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Thréig sibhse mise, agus dá bhrí sin d'fhág mise sibhse i láimh Shíseac.’ ”
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, a Dhia. Níor umhlaigh sé é féin i láthair Irimia an fáidh a labhair ó bhéal an Tiarna féin.
Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m'anacair agus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
Má chuir do chuid cainte i ngreim thú, má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,