ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’
Rut 4:8 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: “Ceannaigh duit féin é,” bhain sé a chuarán de. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin a dubhairt an fear gáoil re Boas, Ceannuigh dhuit feín é. Már sin do tharruing sé a bhróg dhe. |
ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’
Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d'fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe.
Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: “Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;