Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
Rut 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus fuáir mar an ccéadna, Mahlon agus Chilion bás aráon; agus do fágbhadh an bhean gan mhaca gan fhear. |
Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.
Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.
Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.