Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 3:6 - An Bíobla Naofa 1981

Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Tuilleamh oile, do leasuigh Iehoiada mhac Paseah, agus Messullam mhac Besodeiah an seingheata; do chuireadar a shaltacha na súidhe, agus do chuireadar súas a dhoirsi, a ghlais, agus a bharradha.

Féach an chaibidil



Nihimiá 3:6
3 Tagairtí Cros  

Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.


Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],


taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí.