Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 13:10 - An Bíobla Naofa 1981

Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus do thuig mé nach ttug thaoi cuid ronna na Lebhíteach dhóibh: óir na Lebhítigh agus an luchd ceóil do rinne a nobair, do theitheadar gach áon aca dá mhachaire féin.

Féach an chaibidil



Nihimiá 13:10
11 Tagairtí Cros  

Agus d'ordaigh sé don mhuintir a bhí ina gcónaí in Iarúsailéim an chuid a bhí dlite dóibh a thabhairt do na sagairt agus do na Léivítigh, d'fhonn go ndéanfaidís iad féin a thíolacadh do dhlí an Tiarna.


agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n‑eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí - do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada.


Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,


Óir ón seansaol, ó laethanta Dháiví agus Ásáf, bhíodh cuallachtaí cantairí ann agus cainticí molta agus buíochais á ngabháil do Dhia.


Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada, níor thug tú onóir dom le híobairtí. Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort, níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.


An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!


“Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh.


Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach.