Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.
Nihimiá 11:31 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Clann Bheniamin mar an ccéadna ó Gheba, do áitigheadar a Michmas, agus Aiiah, agus Betel, agus iona mbailtibh, |
Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.
i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom.
Tháinig clann na gcantairí le chéile ón tuath timpeall Iarúsailéim, ó shráidbhailte na Natofátach,
tá sé ag teacht thar Áiat, ag dul trasna Mhigreon; i Micmeás tá a scuaine iompair fágtha i loc aige.
Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz - Béitéil anois - ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach.
Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.
ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” D'fhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.
Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.