Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Nihimiá 11:3 - An Bíobla Naofa 1981

Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Anois is íadso rogha an phroibhinsi do rinne comhnuidh ann Ierusalem: acht a ccaithreachaibh Iudah do rinne gach áon comhnuigh iona sheilbh féin ann a ccaithreachaibh, eadhon Israel, na sagairt, agus na Lebhítigh, agus na Netinimigh, agus clann shearbhfhoghantadh Sholuimh.

Féach an chaibidil



Nihimiá 11:3
14 Tagairtí Cros  

B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.


Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót,


Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin.


Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;


Chuir cuid de shliocht Iúdá agus de shliocht Bhiniáimin fúthu in Iarúsailéim. De shliocht Iúdá: Atáiá mac Úizíá, mac Zacariá, mac Amairiá, mac Sheafatiá, mac Mhahalael, de shliocht Pheiriz,


Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí;


Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair.


Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót,


Seo iad muintir an chúige a d'fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d'fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.


D'fhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná. Liosta na bhfear do phobal Iosrael: