Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí;
Nihimiá 11:15 - An Bíobla Naofa 1981 De na Léivítigh: Samáiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, mac Bhúiní; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar an ccéadna do na Lebhitibh: Semaiah mhac Hassub, mhic Asricam, mhic Hassabiah, mhic Bunni; |
Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí;
Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d'fhairidís an tslí isteach ann.
agus a ghaolta, fir inghníomha, céad ochtar ar fichid. Bhí Zaibdíéil mac Hagadól i gceannas orthu.
Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé.