Nihimiá 1:8 - An Bíobla Naofa 1981 Cuimhnigh, impím ort, ar an bhfoláireamh a thug tú do Mhaois do shearbhónta: ‘Má bhíonn sibh mídhílis, déanfaidh mé sibh a scaipeadh i measc na gciníocha; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Guidhim thú, cuimhnigh, an focal do aithin tú dot sherbhíseach Maóise, gha rádh, Má chiontuidhe, sgaóilfe misi amach sibh ar feadh na ccríoch: |
Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat.
Dá bhrí sin íosfaidh bhur n‑aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n‑aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t‑iarmhar i dtreo na n‑uile ghaoth.
“Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.
ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa -
Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.