abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”
Matha 28:5 - An Bíobla Naofa 1981 Labhair an t‑aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt an t‑aingeal leis na mná, “Ná bíodh eagla oraibh; mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag iarraidh Íosa a céasadh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair an t-aingeal, agus dubhairt leis na mná: Ná bíodh eagla oraibh-se; óir tá a fhios agam go bhfuil sibh ag cuártughadh Íosa a céasadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. |
abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”
Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”
Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D'éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.
Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia.
Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?
Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.