Chuir m'athair faoi bhrí na mionn mé. ‘Táimse ar tí báis,’ ar sé, ‘tá uaigh agam a d'oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.’ Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m'athair a chur. Ansin fillfidh mé.”
Matha 27:60 - An Bíobla Naofa 1981 agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d'imigh sé leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus dʼimigh leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuir sé é ina thuamba nua féin a ghearr sé i gcarraig, agus thionntuigh sé cloch mhór go béal an tuamba, agus d’imthigh leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do chuir sé ’n‐a thuama nua féin é, do bhí gearrtha i gcarraig aige: agus d’iontuigh sé leac mhór thar bhéal an tuama, agus d’imthigh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir sé an a thuáma nuá féin é, noch do thochuil sé a gcarruig: agus ar niompodh leice moiré dhó air dhoruis an túama, do imthigh sé roimhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé ’n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun bhéil na h-uagha, agus d’imthigh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama dʼimigh sé leis. |
Chuir m'athair faoi bhrí na mionn mé. ‘Táimse ar tí báis,’ ar sé, ‘tá uaigh agam a d'oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.’ Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m'athair a chur. Ansin fillfidh mé.”
‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?’
Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach agus tuama i gcuideachta na saibhre, cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.
D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.
Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.
Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.
D'aistrigh siad an líog ansin agus d'ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: “A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe.
Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama.