Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach agus tuama i gcuideachta na saibhre, cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.
Matha 27:57 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinic fear saidhbhir áirithe as Arimatea, darbh ainm Ióseph, a bhí é féin fosta ina dheisciobal ag Íosa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig duine saidhbhir ó Arimatéa darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tan do bhí deireadh an láoi ann, táinic duine saidhbhir ó Arimatéa, dár bhainm Ióseph, do bhí fós na dheisciobal ag Iósa: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dár bh’ ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob’ eadh é: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa; |
Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach agus tuama i gcuideachta na saibhre, cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.
chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d'iarr corp Íosa air. D'ordaigh Pioláit ansin é a thabhairt dó.
Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
Agus nuair a bhí gach ní dá raibh scríofa ina thaobh comhlíonta acu thóg siad anuas den chrann é agus shín i dtuama é.
Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.
D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.