Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”
Matha 26:22 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tháinic buaidhreamh an-mhór ortha, agus thoisigh gach duine acu a rádh: An é mise é, a Thighearna? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig cumha an‐mhór ortha, agus do thosnuigheadar uile ar a rádh leis, An mise é, a thighearna? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan, agus do thionnsgain gach duine aca fá leith a rádh ris, An misi é, a Thighearna? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig ana-bhuairt ortha, agus chromadar, gach duine, ar a rádh, An mise é, a Thighearna? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” |
Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”
D'fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath.
Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh.
Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”
Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t‑arán agus sula n‑ólann sé as an gcupa,