Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.
Matha 26:20 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuidh sé síos le n-a dhá dheisciobal déag. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair a dháréag deisceabal; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do shuidh sé a bhfochair an dá fhear dhéug. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí an tráthnóna ann, do shuidh sé i bhfochair a dháréag deisgiobul. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. |
Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.
Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d'ullmhaigh siad an Cháisc.
Ar rá na cainte sin d'Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”