Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 26:2 - An Bíobla Naofa 1981

“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Tá a fhios agaibh go mbéidh an Cháisc ann i gcionn dhá lá, agus bhéarfar suas Mac an Duine chun a chéasta.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A tá a fhios agaibh go bhfuil an chaísg tair éis dá lá, agus go dtiobharthar Mac an duine dá chrochadh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

Féach an chaibidil



Matha 26:2
17 Tagairtí Cros  

“Ná hofráil dom fuil m'íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin.


Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.


Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,


ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”


Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom;


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.


Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d'ardaigh Íosa ó mhairbh.


Ba eol an áit do Iúdás, fear a bhraite, mar ba mhinic a chastaí Íosa ann in éineacht lena dheisceabail.


chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil.


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.