Matha 24:51 - An Bíobla Naofa 1981 agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé i gcuideachta lucht na bréagchráifeachta é; an áit ina mbeidh caoí agus díoscán fiacla. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus scoiltfidh sé é, agus bhéarfaidh sé a chuid dó imeasc na mbréagchráibhtheach: annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus roinnfidh sé é, agus do bhéara sé a chuid dó a bhfochair luchd an fhúarchrabhaidh: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. |
Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”
Seo é cuid do thomhais, do thuarastal uaimse in íoc do shéanta - an Tiarna a labhraíonn - mar gur lig tú mise i ndearmad agus gur thaobhaigh tú le bréag.
Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó,
Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”
tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.