“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Matha 21:24 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhreagair Íosa iad, “Cuirfidh mise aon cheist amháin oraibh freisin; agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mise daoibh freisin cad é an t‑údarás atá agam agus mé ag déanamh na nithe seo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Cuirfidh mise fosta aon cheist oraibh-se, agus má fhreagrann sibh í, innseochaidh mise díbh-se fosta cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh, agus má fhreagrann sibh í, inneosad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe sin do dhéanamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, Fíafróchuidh misi mar an gcéadna dhíbhsi ní aírighthe, agus dá ninnisdi dhamh é, innéosuidh misi dháoibhsi mar an gcéadna cía an tughdarás ré a ndéanuim na neithesi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neósfad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. |
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”
Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’
Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.