Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin.
Matha 20:9 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a tháinig an dream a fostaíodh i dtrátha an aonú huair déag, fuair gach duine acu déanar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar theacht i láthair, mar sin, do’n méid a tháinic timcheall na h-aonmhadh h-uaire déag, fuair siad uilig pighinn an duine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair tháinig siad‐san do fostuigheadh timcheall na h‐aonmhadh h‐uaire déag, fuair gach duine aca pinginn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar dteachd don druing úd tháinic a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair gach duine dhióbh phighinn. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dóibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. |
Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin.
Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’